School: An Dúinín (roll number 4444)
- Location:
- Dooneen, Co. Cork
- Teacher: R. Ó Motharua
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Dúinín
- XML Page 120
- XML “Na Prátaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cuirimíd prátaí gach bliain mar biadh maith sláinteamhail is ead íad do dhaoine. M'athair a h-ullmhuíonn an talam in a gcóir agus obair dhian is eadh í. Cuireann sé aoileach feirme agus feaman ar an dtalamh cun barra maith a bheith ann.
Is in iomairíbh a chuireann m'athair na prátaí mar deireann sé go mbíonn síad níos thrime. Is mar seo a dheineann m'athair na h-iomairí. Ar dtúis bíonn céacht aige agus iompuigheann sé aon fóid amháin, agus treabhann sé fód eile i gcoinnibh an chéad fóid. Treabann se go dtí go mbíonn sé fóid treabhtha aige. Annsan bíonn an iomra déanta.
Ní chuimhin le m'athair na le 'm' mháthair gur úsáideadh chéachtaí adhmaid ríamh.
Na prátaí ná bfuil ró-mhór is ná ró-bheag is eadh is fearr mar prátaí síl, mar ní bhíonns íad lobhtha in a láir ar nós na prátaí móra.
Mo mháthair a ghéarrann na sciolláin agus seo mar a deineann sí an obair. Bíonn scian mhór ghéar aici agus sáthann sí an scian tríd an bpráta. Annsan gearrann sí súil amháin amach as agus an fuighleac a bhíonn fágtha cuireann sí i mbuicéad é le píosaí eile(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó Siulleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Ballycahane, Co. Cork