School: Baile an Chaisleáin

Location:
Castletownshend, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 252

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 252

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Chaisleáin
  2. XML Page 252
  3. XML “Old Traditions”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    252
    Do creideadh leis go raibh póirsí fé thalamh ag dul ó lios go chéile agus nár ceart d'aoinne dul isteach ionnta ná bheith dá lorg cé go rabhadar lán d'ór.
    "The Fairies"
    Cé gur airigheas trácht ar "Sprid a' Camais" agus "Maire Ghaoldhalach" im pharóisde féin níor airigheas ainm fé leith ar aon sprid sa pharóiste seo.
    Do dheineas trácht ar loch ban uasal (l.7) agus deirtear go mbíodh an bean sin le feiscint i lár an lae in aice an locha.
    Bhí Woodranger gurb ainm dó Whitehead ag muinntir Townshend i mBaile an Chaisleáin fadó. Do chroch sé féin sa chaisleán agus deirtear go bhfeictí é sa choill é 'na dhiaidh sin.
    Bhíodh madra le feiscint ar an mbóthar ag dul siar tríd an "Woodeen". Seo mar d'airgheas trácht ar an "sprid" sin ar dtúis. Bhíos féin agus roinnt maith daoine ag teacht abhaile ó thórramh tar é a dó déug (meadan oidhche) oidhche spéir gealaighe. Bhí mo bhean agus roinnt ban eile ag siubhal romhainn agus cúpla slat na ndiaidh bhí na fir. Agus iad ag dul isteach fé'n gcoill do chonaic mo bhean madra mór ag teacht treasna an bhóthair agus ag dul siar tharrainn.
    Nuair do thánag abhaile d'fhiafruigh sí díom ce'r leis an madra agus bhí iongna uirthi ná feacaé mar do mheas sí ná raibh sé ach cúpla troigh uaim ós rud go rabhas ar an dtaoibh amuigh den mbóthar in aice an claidhe.
    In ndiaidh sin d'fhiafuigheas den duine a bhí i ngiorracht...
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2412E: (Danish Heather Beer.)
    Language
    Irish