School: Cill Mhic Eoghain (roll number 9848)
- Location:
- Kilmackowen, Co. Cork
- Teacher: Domhnall Ó Hurdail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá alán cómharthaí báistighe agus stoirme ar fuaid na h-Éireann go mór mór ins an áit seo. Ta síad go h-ana usáideach uaireannta mar bíonn fios ag na daoine nuair a bhíonn báisteach nó stoirm ag teacht.
Nuair a bhíonn an fháinleog ag eitil go h-íseal cómhartha go mbeadh báisteach againn iseadh é. Cómhartha báistighe iseadh é, nuair a bhíonn an abha go glórmhar, agus nuair a bhíonn glór an easaig le cloisint go soiléir. Tá abha inaice Málain[?], agus nuair a bhíonn sí go glórmhar deirtear go mbíonn aimsear bréagh ag teacht. Nuair a thagann Nóra na bPort suas an abha sin cómhartha go mbíonn báisteach ag teacht. Nuair a bhíonn an cat in a suidhe inaice na teine, agus nuair a bhíonn an gadhar ag ithe féir ghlais, deireann na sean-daoine go mbíonn báisteach nó aimsear fuar ag teacht gan mhoill. Nuair a bhíonn na cnuic i bhfad uainn ag feachaint níos giorra(continues on next page)