School: Cill Mhic Eoghain (roll number 9848)
- Location:
- Kilmackowen, Co. Cork
- Teacher: Domhnall Ó Hurdail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dhúinn ná mar a táid deirtear go mbeidh fearthainn againn. Cómhartha báistighe iseadh é nuair a bhíonn na carraigeacha ar an gcnoc ag glioscarnaig.
Nuair a bíonn bearradh na gcaorach le feiscint sa spéir ós ár gcionn, deireann na daoine go mbeidh báisteach ag teacht go mear. Ins an tráthnóna nuair a bhíonn an spéir go dearg ar an dtaobh thóir deirtear go mbíonn báisteach nó aimsear fluich ag teacht agus nuair a bhíonn sé dearg ar an dtaobh thíar deirtear go mbíonn aimsear mhaith ag teacht.
Cómhartha báistighe iseadh é, nuair a bhíonn an súith ag tuitim síos an simné. Nuair a bhíonn na lacain ag screachadh ós árd, deireann na daoine go mbíonn fearthain ag teacht. Nuair a bhíonn fallaí an tíghe ag féachaint go gorm deirtear go mbíonn fearthain ag teacht go mear[?]. Comhartha báistíghe iseadh é ins an Samhradh nuair a bhíonn siongán(continues on next page)