School: An Chathair Gharbh (roll number 13896)
- Location:
- Cahergarriff, Co. Cork
- Teacher: Criostóir Ó Dubhghaill
![The Schools’ Collection, Volume 0277, Page 305](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0277%2FCBES_0277_305.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0277, Page 305
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Conas a Fuair Dúthaigh Bhéarra a Ainm (continued)
“Ba cheart dúinn go léir ana shuim do chur i stair ár dúthaighe féin, pé beag mór í”
(continued from previous page)imirt, ac níor labhair sé. Thárla gur thuit cárta ó dhuine de'n lucht imeartha agus crom sé síos chun é d'fhágháil. Do thóg sé fé ndhearra nách bróga abhí ar an bhfear úasal ac crúba capail. Tháinig eagla air agus d'innis sé do dhuine eile é. Tháinig sgannradh ar Puxley. Ac do leanadar ag imirt ag súil go n-imtheóchadh an stróinséar. Ní raibh sé ag imteact. Chuir Puxley fios ar duine da cuid seirbiseach agus thug órdú dó dul comh tapaidh is bhí sé 'na chumas sior fé dhéin an tShagairt agus a iarraidh air teact cun an caisleán ar ghnó éigin. D'eithigh an sagairt dó. Chuir Puxley fios air trí h-úaire i n dhiaidh a chéile agus an triomadh uair d'íarr sé air teact ar Son Dé.Tháinig an sagart agus d'íarr Puxley air an rúaig do chur ar an stróinséar má bhí sé in a chumas. Tosnuig an sagart ag guidhe agus bhí sé ag bárcadh alluis. Tar éis tamaill fhada ag guidhe dubairt sé leó an fhuineóg d'osgailt. Deineadh amhlaidh.
D'athruig an fear úasal a chrot agus amach an fhuineóg leis i bfuirm líathróide teine.
Chonnacadar, a raibh laithreach, an líathróid ag imhtheacht no gur imthig sé as a radharc, cómh fada le Rón Carrig. Lár san bhí muinteardhas idir an sagairt agus Puxley. Ins an 18ad aois do mhair gaol do O Súilliobháin Bhéarra darb ainm Muirtí Óg in Cualac. Chúaidh sé go dthí an Mor-Roinn leis na(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Fuhur, Co. Cork
- Informant
- Ellen Murphy
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 80