Scoil: An Chathair Gharbh (uimhir rolla 13896)
- Suíomh:
- An Chathair Gharbh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Criostóir Ó Dubhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Conas a Fuair Dúthaigh Bhéarra a Ainm (ar lean)
“Ba cheart dúinn go léir ana shuim do chur i stair ár dúthaighe féin, pé beag mór í”
(ar lean ón leathanach roimhe)imirt, ac níor labhair sé. Thárla gur thuit cárta ó dhuine de'n lucht imeartha agus crom sé síos chun é d'fhágháil. Do thóg sé fé ndhearra nách bróga abhí ar an bhfear úasal ac crúba capail. Tháinig eagla air agus d'innis sé do dhuine eile é. Tháinig sgannradh ar Puxley. Ac do leanadar ag imirt ag súil go n-imtheóchadh an stróinséar. Ní raibh sé ag imteact. Chuir Puxley fios ar duine da cuid seirbiseach agus thug órdú dó dul comh tapaidh is bhí sé 'na chumas sior fé dhéin an tShagairt agus a iarraidh air teact cun an caisleán ar ghnó éigin. D'eithigh an sagairt dó. Chuir Puxley fios air trí h-úaire i n dhiaidh a chéile agus an triomadh uair d'íarr sé air teact ar Son Dé.Tháinig an sagart agus d'íarr Puxley air an rúaig do chur ar an stróinséar má bhí sé in a chumas. Tosnuig an sagart ag guidhe agus bhí sé ag bárcadh alluis. Tar éis tamaill fhada ag guidhe dubairt sé leó an fhuineóg d'osgailt. Deineadh amhlaidh.
D'athruig an fear úasal a chrot agus amach an fhuineóg leis i bfuirm líathróide teine.
Chonnacadar, a raibh laithreach, an líathróid ag imhtheacht no gur imthig sé as a radharc, cómh fada le Rón Carrig. Lár san bhí muinteardhas idir an sagairt agus Puxley. Ins an 18ad aois do mhair gaol do O Súilliobháin Bhéarra darb ainm Muirtí Óg in Cualac. Chúaidh sé go dthí an Mor-Roinn leis na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Fhoithir, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Ellen Murphy
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80