School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trafrask, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Page 247
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt driothár ann fadó clann feirmeóra ab ead iadh gurb ainm dóibh Michéal agus Seán agus bhí ana cion acu ar a chéile, ach bhí an fear dob óige, Sean, ag cailliúint a sláinte i gan a fhios aca cad a bhí air. Bhí sé ag cur buadharta ar a atháir is ar a máthair.
Fé deire fuaireadar amach uaidh an fáth go raibh se cómh breoidhte sin. Dubhairt Seán leó ní'l oidce dá dteigim amach cun féar do bhaint as an gcruaich cun é thabhart dos na buaibh na tagann rud éigin mar a bheadh much mór agus gan aige ach dhá cóis agus arduigeann leis ar a dhrom mé tré coillte 's gleannta o's cinn sléibthe is uisge sul a dtugann se ar ais mé ins an áit ceadhna "A Sheain boict" arsa a athair cad cuige nár innis é sin dom-sa ceana? "Ar leabrais leis riamh nó ar labhair seisean leat-sa?". "Níor labhras" arsa Seán. Ní leigeann an scannradh dom ceist do cur air. Anois arsa Mhichéal caithfidh tusa fanamhaint istig. Racaidh mise idh áit. Cuaidh Michéal go dtí gabha agus dubhairt se de'n gabha dhá bhior géara do deanamh dó agus ceangail se ar dhá sáil a bhróg iadh. Ar teact na h-oidhche cuaidh sé amach go dtí an(continues on next page)- Collector
- Márta De Bhlach
- Gender
- Female