School: Doire Chonaire (roll number 4845)
- Location:
- Derryconnery, Co. Cork
- Teacher: Éamonn de Paor
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chonaire
- XML Page 401
- XML “An Ghorta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'Sé an bíadh a bhíodh ag na daoine in aimsir an ghorta ná báirnig agus píacháin bháin. Do chaileadh carn daoine leis an ocras agus do chuireadh leanbh óg i mBóceárna a fúair bás leis an ocras agus do cuireadh i bpáirc an chorp gan cómhra gan braitlín. Deineadh claidhe anuas ar an úaig gan trúagh gan trócaire agus slán mar a n-innstear é bádhadh an fear a dhein é tamall geárr indhíaidh sin. Tá mórán daoine curtha i mBóiceárna agus tá na h-úaigeanna le feiseint fós, cuid acu go bhfuil clocha ag a gceann agus ag a gcosa. Do thagadh min bhuidhe ón India agus tháinig long ó'n India agus bádhadh í i mbeal an chúain agus í lán go barra agus tháinig fear dubh isteach ar an dTrágha Bán agus do chuireadh i mbarra na trágha é. Núair a bhí an taoide amuigh fúair daoine Mucra agus Bóceárna á dhá dhóthain den mhin bhuidhe. In aimsir an(continues on next page)
- Informant
- Neil Ní Shúileabháin
- Gender
- Female