Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)
- Suíomh:
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn de Paor
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chonaire
- XML Leathanach 401
- XML “An Ghorta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 'Sé an bíadh a bhíodh ag na daoine in aimsir an ghorta ná báirnig agus píacháin bháin. Do chaileadh carn daoine leis an ocras agus do chuireadh leanbh óg i mBóceárna a fúair bás leis an ocras agus do cuireadh i bpáirc an chorp gan cómhra gan braitlín. Deineadh claidhe anuas ar an úaig gan trúagh gan trócaire agus slán mar a n-innstear é bádhadh an fear a dhein é tamall geárr indhíaidh sin. Tá mórán daoine curtha i mBóiceárna agus tá na h-úaigeanna le feiseint fós, cuid acu go bhfuil clocha ag a gceann agus ag a gcosa. Do thagadh min bhuidhe ón India agus tháinig long ó'n India agus bádhadh í i mbeal an chúain agus í lán go barra agus tháinig fear dubh isteach ar an dTrágha Bán agus do chuireadh i mbarra na trágha é. Núair a bhí an taoide amuigh fúair daoine Mucra agus Bóceárna á dhá dhóthain den mhin bhuidhe. In aimsir an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Neil Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann