School: Scoil N. Mocomóg
- Location:
- Cappaboy More, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Macháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Mocomóg
- XML Page 194
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán
“Tá cleanntaínín aoibhinn idir laoi theas bonndan”
Tá gleanntáinín aoibhinn idir Laoi theas Banndain
Thug sé bárr aoibhneas ó ghleannta an cheantair
Geibhtear adhmadh chun tíghe ann dá aoirde beadh ceann air
Idir lataí na bíomaí agus fuighleach i gceann de.Tá gleann ag an "Major" ní féidir é mholadh
Tighthe breaghta caorach agus féar suas go glúnaibh
Agus béal binn ag geannaib gach aon mhaidean drúchtaTá gleann i Magh-Cromtha is níor labhair éinne fós air
Bíonn an breach geal ar scabhat ann an seabhach is an smólach
An giorrfadh cos abhainn ann le fonn um thráthnóna
Bíonn na sagairt ann Dé Domhnaig agus fir fóghluimthe o'n [?] leó.Níl bó ann maidean Samhraidh gan gamhain len a thaob deas
Is níl caoire ann maidean drúchta gan cúpla 'ci féinn
Bíonn an searrach ag an láir ann agus í ag dul ar a laoch mear
Níl ubhal oird gan ubhall ann ná cárthainn gan caora air.