School: Scoil N. Mocomóg
- Location:
- Cappaboy More, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Macháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Mocomóg
- XML Page 274
- XML “Ór i gCuilneach”
- XML “Ór i gCumar”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ór i gCuilneachBhí fear ar a choiméad fadó in aimsear Cróthúr Uí Chróinín timcheall 42+80 blíain o shion 122 ar fad. Bhí stóca óir aige mar gaduidhe do b'eadh é. Bhí sé i bhpoll a bhí sa falla os chionn na teine.Lá amháin nuair a bhí na saighdiúirí ag teacht fé dhein an tighe do rug sé ar a stóca agus thóg sé amach é agus dúbhairt sé leo nuair a chífidís é agus a h-ata air bheadh sé i bfolach aige. Tháinig eagla ortha nuair a chonnaiceadar na saighdiúirí ag teacht cúcha agus nuair a cheapadar mar gheall ar an bhfear bhí sé annsan sa pháirc mhóir thaobh theas den tigh in a bhfuil Dónal O Laoghaire ag é na sheasamh agus a h-ataí ar a cheann. Níor d'innis sé aon rud ach bhí sé curtha aige annsan. Dubhairt sé go raibh sé curtha i bhfolach aige san áit atá dhá charraig i gcoinnibh a chéile. Pé in Éirinn é nuair a chuarduigheadar an áit ná fuaradar é.
- Collector
- Seán O Macháin
- Gender
- Male
- Address
- Kealkill, Co. Cork
- Informant
- Buachaillí atá ag teacht ar scoil anseo
- Gender
- Male
- Age
- 10
- Bhí fear in a chómhnuidhe san áit in a bhfuil Dónal Ó Ruairc fadó. Do dhein taidbhreadh dó go bhfuigheadh sé óir (crócha óir) fé sgeich gil i bpáirc éigin a bhí ann. D'imthig sé ann agus ma dhein do theip sé air chun é d'aimsuighad. Chuaidh sé ann an chéad oidhche eile ar an noimeat cheadhna é féin agus bheirt eile. Ní fuaireadar é acht tháinig breoite air an nduine mbocht. D'fhán sé sa leabaidh ar feadh sé míosa. Deirtear nach raibh an ceart aige nuair a thóg sé an bheirt eile i n-aonfheacht leis.