School: Scoil N. Mocomóg

Location:
Cappaboy More, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Macháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 293

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 293

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Page 293
  3. XML “Broiderich na Luaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhí fear 'na cómhnuidhe in áit éigin. Lá amháin d'imthigh sé amach ag foláireach. Bhí gúna aige ag dhá luirg aige agus bhí na laetheannta gairid an uair sin mar bhí sé timcheall na Nodlag. Do stop sé annsa is annsúd agus dho sleamhnuigh sé i bhfad o'n a thigh féinig. D'iompuig sé ar a shala chun teacht abhaile agus chonnaich sé go raibh amhras éigin ag na gadhar i n-aice your mhóir aitinn a bhí i n-aice na coille. Do bhuail sé an tor agus má dhein cad d'imthigh as acht cat breágh. Bhí an fear ar buille agus d'árduigh sé a ghuna agus do scaoil sé leis an gcat chun é do mharbhúghadh. Cad d'imthigh air acht anus do dhul thar an duine acht pé scéal bhí rian na fola 'na dhiaidh mar do ghonadh go holch é.
    Do lean na maddraí an cat agus is amhlaidh a d'imthigh sé isteach sa chuill agus isteach leis na maddraí 'na dhiaidh. Thosnuigh an fear ag glaodhach ortha agus ag feadúil ortha, agus níor thánagadar tar n-ais cuighe. D'fán sé ann an feadh uair a chluig agus ní thánagadar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0113A: King of the Cats is Dead
    Language
    Irish
    Collector
    Seán O Macháin
    Gender
    Male
    Address
    Kealkill, Co. Cork
    Informant
    Siobhán De Barra
    Gender
    Female
    Age
    64
    Address
    Carriganass, Co. Cork