School: Carraig an Ime (roll number 4457)
- Location:
- Carriganimmy, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Luasa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)árdán agus árdán de gach ísleán."
Ba neamh-oireamhnach go léir an bheirt iad mar bhí Pádraig 'n-a ghaisgigheach mór, láidir, go raibh cliabh agus cabhaile agus corp aige agus neart agus fuinneamh d'á réir, agus gan in Dómhnall ach séaclóirín de abhac, gan téagar, gan tuirt, ach bheith ag braith ar a chuid lúithe agus ar a chuid aicillidheachta chun an fód a seasamh.
Do thógadh Pádraig Dómhnall os ciónn tailimh agus thugadh sé casadh dho, agus nuair a thug sé fé é shíneadh ar fhleasg a dhroma, ar an móinteán, do chuireadh Dómhnall ceann éigin d'á choisíní fé igcómhnuidhe igcás go dteipeadh ar an bhfear eile é a leagadh.
"T'anam ó'n d-l," a deireadh Pádraig, "dar ndóigh do bhéarfhainn liom, fé'm oscaill, síos go dtí(continues on next page)- Collector
- Diarmuid Ó Conchubhair
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Daingean na Saileach, Co. Cork
- Informant
- Diarmuid Ó Laoghaire
- Gender
- Male
- Address
- Lios Carragáin, Co. Cork