Scoil: Carraig an Ime (uimhir rolla 4457)

Suíomh:
Carraig an Ime, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Luasa
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0327, Leathanach 056

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0327, Leathanach 056

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carraig an Ime
  2. XML Leathanach 056
  3. XML “Sneachta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ní raibh an tig ró fada uaithi ach mar sin éin bhí uirtí cómhgar cruic a ghabháil agus do theip uithi(?) an tig do bhaint amach. Tráh éigin amach san oidhche do cloiseadh idtig na feada go raibh sí ar fá(?) agus dob eigin dul 'gha cuardac. Fuaradar í (?) agus ní mór an leath-lamh a bhí uirtí in aon chor. Bhí clóc a caipín urithi agus agus cas sí an clóca tiomchall uirtí go daingean agus thairrig sí (?) húda amach ar a ceann. Is amhlaidh a suidheadh (?) sí an'airde ar an sneachta agus sgaoileadh sí (?) an cáithead tháirse. Tar éís tamaill d'eirigheadh sí agus chrochadh sí dí an mhéíd a bhíodh ceanghalltha (?) den clóca agus shuidheadh sí in-ait eile ar feadh tamaill eile i gcás nach amlaid a bhí aon an(?) droch-saoghal in aon chor aicí.

    Tá tobar beannuidhte anáirde ar barra Muisire Móír agus bhiothar ag tabhairt turais ann an 4adh la ficead 'de Meitheamh sa (?) t-Samhraidh, lá Fe' n'Seain, gach aon bliadhan. Na daoine a chuaidh ann an bhliadhain (?) an t-Sneacthaid Mhóir dubharadar go raibh cuid den t-sneacta ar sliastaibh (?) an cnuic rómpa an lá ceudna. Ní feadar an domhan (?)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. sioc agus sneachta (~299)
    Teanga
    Gaeilge