School: Bárdínse (roll number 12399)
- Location:
- Barr Duínse, Co. Cork
- Teacher: Cáit, Bean Uí Riórdáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bárdínse
- XML Page 093
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'Sé an ainm atá ar an mbaile 'na bfhuilim-se im' chómhnuidhe ná an Ínse-Mhór i bparóiste Bhaile-Mhuirne i Músgraí Uí Fhloinn in iarthar Chorcaige atá sí. 'Sé an cúis gur tugadh an Ínse-Mhór mar ainm ar an áit, do réir mar airigeas sean daoine á rádh, ná gur b'amhlaidh a bhí duine uasal tábhachtach na chómhnuidhe i nGort na gCros nó i dTócar agus gur leis bunús an tailimh ó Chúil-Aodha aníos agus do ghlaoidh sé an Ínse-Mhór ar an gCeanntar seo 'na bhfuilimíd-ne in ár gcómhnuidhe anois toice ná raibh aon tighthe ann ach ínse mhór leathan.
Do dhein sé tig no bothán annsan sa taobh thiar den mbaile agus chuir sé reachtaire 'na chómhnuidhe ann. Chuir sé beithidhigh seasca ags ba thrioma siar ann agus an reachtaire á n-aoidhreacht.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Luasa
- Gender
- Female
- Address
- An Inse Mhór, Co. Cork
- Informant
- Diarmuid Ó hÉalaighthe
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Address
- An Inse Mhór, Co. Cork