School: Bárdínse (roll number 12399)
- Location:
- Barr Duínse, Co. Cork
- Teacher: Cáit, Bean Uí Riórdáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bárdínse
- XML Page 126
- XML “Amhrán Scoil Bharr d'Ínse”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do bhíodh scoil oidhche i mBárr d'Ínse tímcheall fiche bliain ó shoin. B'é an máistir a bhíodh ann ná Séamus Ó Donghaile ó Chathair Saidhbhín. Ní Gaedhilg ar fad a bhíodh á fhoghluim acu inaonchor mar bhí an Ghaedhilg acu ó dhúthchas. Rínnce is mó a bhíodh ar siubhal acu agus is dócha go rabhadar ana chrostála. Bhíodh Piobar dearg á lasadh ann agus bhíodh an mháistir sgoile Conchubhar Ó Loingsigh sé sin an mháistir a bhíodh ag múineadh gach lá bhíodh sé ar buile mar gheall air. B'é an deire a tháinig ar an sgéal ná gur briseadh an geata agus annsan chuir an sagart deireadh ar fad leis an sgoil oidhche. Dhein Dómhnall Ó Súilleabháin agus Diarmuid Ó Duinnín an t-amhrán seo mar gheall ar an sgoil oidhche agus sin é an chúis gur tugadh amhrán Sgoil Bhárr d'Ínse mar ainm air.
- Collector
- Nóra Ní Luasa
- Gender
- Female
- Address
- An Inse Mhór, Co. Cork