School: Bárdínse (roll number 12399)
- Location:
- Barr Duínse, Co. Cork
- Teacher: Cáit, Bean Uí Riórdáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bárdínse
- XML Page 138
- XML “Na Prátaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an chré ar an gcuma gcéadhna. Tugaimíd an aith-chré ar sin.
Sé an chéad rud eile a deintear leis an ngarraidhe ná é spréáil le cloch ghorm agus le h-aol chun an dubh do choimeádn uaidh. Ní bhíonn aon phrátaí nuadha againn le n-ithe go dtí Lúghnasa agus as san amach baintear béile nó dhó gach lá. Baintear iad go léir indeire an Fhóghmhair le rámhainní nó le capall agus céachta.
Pioctar na prátaí bána foláine agus cuirtear i bpoll iad. Clúduightear na poill le tuighe nó le luachair ó shioc agus ó shneachta agus ó chlagar an dubh-luachra. Pioctar na criocháin agus tugtar iad do's na buaibh agus do's na muca.
Nuair ná raibh puínn plúir le fághail sa tí dheineadh na daoine cístí de phrátaí. Steaimpí a thugtaí ar na cístí(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Luasa
- Gender
- Female
- Address
- An Inse Mhór, Co. Cork
- Informant
- Diarmuid Ó hÉalaighthe
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- An Inse Mhór, Co. Cork