School: Baile Mhúirne (B.) (roll number 15346)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Donncha Ó Buachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (B.)
- XML Page 104
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí tighearna talmhan ann fada is minic a bhí is beidh airís leis. Do phós sé bean a bhí go flaitheamhail don na bochtaibh.
Ní choimeadadh sí pioc di féin ach á roinnt ar na bochtaibh. I gcionn tamaill do bhí clann acu, triúr inghean a bhí acu agus ní fhéadfá leanbhaí níos deise ná iad fhághail.
Do bhí gach aoinne go mór léi nídh nách iongnadh. I gcionn roinnt blianta do fuair an bhean bhocht bás. Do bhí brón is buadhairt ar gach aoinne na diaidh agus níor b'iongnadh san.
Nuair a fuair an bhean bás níorbh' fhéidir leis an dtighearna talmhan aire a thabairt don na leanbhaí agus do thóg a dhriofúr léi iad.(continues on next page)