School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 404
- XML “Ná Prócaí Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá áit ins na Ceapacha go nglaodhtar "Carraig Neid" air agus 'sé an cúis go nglaodhtar an ainm sin air mar bhí prócaí óir fé agus do chuaidh beirt fhear darb' ainm dóíbh Domhnall agus fuaireadar é agus bhí sé istig i bpróca. Thógadar leo é agus do bhíodar ag gáirídhe cúcha féin ag teacht abhaile. Tháinig madra dubh ó's a gcómhair amach agus bhí a shúile ar lasadh.
Rug sé ar colpa ortha agus do chaitheadar[?] uatha an t-ór agus rug an gadhar ar an bpróca agus do thóg sé leis é agus do chuir sé isteach i gcarraig é agus glaodhtar carraig Neid air agus tá an t-ór ann ó shoin ach ní leogfadh scannradh d'aoinne é a thógaint leo. Do dhein beirt fhear iarraidh ar é a thógaint leo ach theip ortha.- Collector
- Siobhán Ní Scanaill
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Informant
- Dómhnaill Uí Scanaill
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Cork