School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 072
- XML “Scéal - Rí na bPúcaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do bhí sé déanach nuair a bhí sé ag teacht agus do bhí sé ana dhorca agus ní raibh eólas an slíghe ró mhaith aige agus do chuaidh sé isteac go coill mór agus ní fhéadfhadh sé teacht amach.
Do chuaidh sé mór thímpeall an coill feáchaint an bfhaghadh sé áit chun teacht amac níor stad sé do dtaínig sé go coill mór eile abhfad níos mó ná an céad ceann eile d'fhan sé ag siubal go dtaínig sé go teach beag bán agus d'fhan sé ag féacaint ar an dtig ar feadh tamaill.
Fé dheire d'fhéac sé isteach tríd an fhuinneóig agus do chonnaic sé fear beag istig agus a lán leanbhaí aige.
Do chuaidh sé go dtí an doras agus do bhuail sé cnag ar an doras agus d'oscladh an doras agus do tháinig bean amach agus do bhí sé ag cainnt léi agus d'iarr sí air cad a [?]bhí(continues on next page)