School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá dó raibh Fionn ag siubhal mó thímpheall an rígh - theadlaig do tháinig fear beag cuighe ar siubhal. 'Sé an nós a bhíodh acu fadó gan fhiafruighe d'aoinne cad a thug é nó cár b'as ná cad a bhí uaidh. Do thugad lóistín na h-oidhche do an oidhche sin aige an oidhche na dhiaidh sin agus do thugadar lóistín do gach aon oidhche a theastuig sé uaidh.
Bhíodar ana-mhór ar fad leis gach duine a bhí sa rígh - theadlaig. Do thugaidís an bíd ab' fearr agus an deoch ab' fearr a bíodh acu do. Dubairt an fear go dtáinig sé annso d'aon gnó ach chun fea [?] do dhul leis tímhpeall na tíre chun bean d'fághail do dhuine muinnteartha a bhí no chómhgar do thug Fíonn cead dón fear dul in-aonfheacht leis. D'imthig an bheirt acu le chéile go dtí go dtánadar go dtí an farraige.(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Chárthaigh
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Risteárd Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Address
- Na hUláin Thiar, Co. Cork