School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bí lánamha ann uair agus do bhí daréag clainne aca agus do bhíodar ana shaidhbhir. Buachaillí ar fad abhí ann. Aon lá amháin dubhairt an buachaill ab' óige darb' ainm do Seán leo go raghadh sé amach ag tuilleamh a choda in áit éigin mar go raibh a ndóithin aca sa bhaile.
Níor theastuig ána athair ná a mháthair go raghadh sé amach in-aon-chor ach do lean sé ag athchuiníghe ortha agus fé dheire do thugadar cead do.
D'fhág sé slán aca ansan agus do chomáin sé leis ar an mbóthar agus níor stad sé de'n t-siubhail go dtí fo dtáinig se go dtí pálás an Rígh. Do chuaidh sé isteach ansan agus d'iarr sé onair ar an Rígh.
D'fhiafhruig an Rígh de cad é an obair a fhéadfadh sé a dhéanamh agus dubhairt sé ansan go bhféadfadh sé aon obair a dhéanamh a thabharfadh sé dho.
B'é an obair a tugadh do fé dheire ná dóirseóir(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Informant
- Seán Ua Tuama
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Magh Réidh, Co. Cork