School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 632
- XML “An Bhean Bhocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann úair agus bean maith ab'eadh í agus tá sé tímpeall céad agus a trí bliain ó shion.
Ní raibh sí pósta in-aon-chor agus do bhí sí bocht leis ach mar sin féin do bhí a dhóithin aice agus tigín beag slachtmhar aice leis. Ní raibh cearca na aon rud eile aice agus do bhí sí ag maireachtaint sa t-saoghal i n-a aonar.
Do bhíodh a dhóithin le'n ithe aice i gcómhnuidhe. Sé an ainm a bhí uirthe ná Nóra agus do thabharfhadh na cómharsain rudaí le'n n'ithe dhi leis úaireannta agus do bhíodh ana áthas uirthe ansan agus bhíodh sí sásta le h-aon rud.
Do théigheadh sí ag piocadh brosna leis gach lá ionas go mbeadh teine aice i gcóir na h-oidhcheannta geimhridh. Ní guidfeadh sí aon rud in-aon-chor dá mbeadh sé caithe ar an dteine.(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Loinghsigh
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Pádruig Ó Loinghsigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Gort na Tiobratan, Co. Cork