Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 632
- XML “An Bhean Bhocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann úair agus bean maith ab'eadh í agus tá sé tímpeall céad agus a trí bliain ó shion.
Ní raibh sí pósta in-aon-chor agus do bhí sí bocht leis ach mar sin féin do bhí a dhóithin aice agus tigín beag slachtmhar aice leis. Ní raibh cearca na aon rud eile aice agus do bhí sí ag maireachtaint sa t-saoghal i n-a aonar.
Do bhíodh a dhóithin le'n ithe aice i gcómhnuidhe. Sé an ainm a bhí uirthe ná Nóra agus do thabharfhadh na cómharsain rudaí le'n n'ithe dhi leis úaireannta agus do bhíodh ana áthas uirthe ansan agus bhíodh sí sásta le h-aon rud.
Do théigheadh sí ag piocadh brosna leis gach lá ionas go mbeadh teine aice i gcóir na h-oidhcheannta geimhridh. Ní guidfeadh sí aon rud in-aon-chor dá mbeadh sé caithe ar an dteine.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Loinghsigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Loinghsigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Gort na Tiobratan, Co. Chorcaí