School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (roll number 10047)
- Location:
- Macroom, Co. Cork
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)duine úd - Cormac Mac Thaidhg, athair an duine úd - Cormac Mach Thaidhg Muscraighe - do dhein Cambden agus úghdair eile tráit air mar duine tábhachtach in aimsir na Bainrioghan Eibhlis. D'éag Tadhg Mach Cárthaigh san gCaisleán sa bhliadhan 1565.
Ba san seachtmhad aois deag a thosaigh beatha an chaisleáin i gceart. Sa bhlian 1602 bhí Diarmuid Mac Cárthaigh 'na chómhnuidhe san áit. I Meadhon Fóghmhair de'n bhliain sin, do thóg an Tíghearna Searlas Wilmot an caisleán tar éis léigear an-fhada san t-slíghe seo. B'é "Smith" an t-úghdar ("Stair Corchaighe") Thugann an cur síos dúinn (leath 159-160).
"D'éaluigh Cormac Mac Diarmuid Cárthaig, an Tíghearearna Múscraidhe a bhí 'na chómhnuidhe ann, ó'n Tíghearna Uachtarán. Ag an am gcéadna, bhí an Tíghearna, Seárlas Wilmot agus a arm in Mághchromta agus iad mór thimcheall ar an gCaisleán ag iarraidh é do chur fé 'na smacht. Ní raibh sé ag éirighe ró mhaith leo mar bhí na daoine a bhí istigh ró-laidir, ró-chliste, ró-chalma dóibh. Bhí eagla ar an dTÍghearna Uachtrán go dtiocfadh Cormac Mac Dhiarmada Cárthaigh ar ais le h-arm agus annsan nach mbéadh seans ag Séarlas Wilmot, ridire, imtheacht saor ó'n áit. Dá bhrígh sin, d'órduigh sé go bhfillfeadh an t-arm ar ais go Cathair Chorchaighe. Ba leasc le Séarlas, Ridire, filleadh.
An oidhche roimh theacht ar ais dó, thosnuig teine istig 'san gcaisleán. Is mar seo do thárla é do bheith ann - do mhairbhuigh na saighdúirí a bhí istig, muc. Do bhí easba uisce ann agus dá bhrígh sin, ní raibh aon uisge aca chun an muc do sgóladh. In ionad é sin do dhéanamh annsan, chuireadar an mhuc ós chionn teine a lasadh le duilleóga, chun na guairí do dhógadh dhe. Ach mo mhairg; trí thonoisch do chuireadar bothán a bhí san mbán ar lasadh. Do leathnuigh ar an dteine agus chuaidh lasair ó dhíon tuighe an bhotháin, isteach tré fhuinneóig sa chaislean. Do thárla go raibh roinnte geire san áit sin agus ní raibh níobh' fhada go raibh an caisleán(continues on next page)- Collector
- Síobhan Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Address
- Kilnarovanagh, Co. Cork
- Informant
- Séan Ó Mhurchadha
- Gender
- Male
- Address
- Tooms, Co. Cork