School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (roll number 10047)

Location:
Macroom, Co. Cork
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 012

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 012

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
  2. XML Page 012
  3. XML “Caisleán Mhaigh Chromtha - go 1650”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    go léir tré theine. Rith na h-Éirreannaigh amach as an gCaisleán go dtí an bán mar ní raibh aon áit eile fághtha dóibh. Dhein na Sasanaig é do thoghail gan móran moille agus do b'eigean dos na h-Éirreanaigh rith amach go dtí na coillte. Mairbhuigheadh an-chuid de na lucht cosanta le linn ealuighthe dóibh. Cuaidh na Sasanaig isteach san gcaisleán agus mhúcadar an teine. Chuir Wilmot saighdiúirí Sasanacha i seilbh an Chaisleáin annsan agus as go bráth leis go Corcaigh agus na Cárthaigh bochta briste 'na dhiaidh - b'sin é an toradh a bhí acu ar a neamhcúramacht. Sé an cead tracht eile a géibhimíd ar an gcaisleán ná gur dógadh é airís i 1641. Tá "Smith" agus "Windele" ar aon aigne maidir leis an giota sin de'n stair. Fuair an duine úd, Peinn, an caisleán tar éis an chogaidh ó Chromwell toisg gur throid sé ar thaobh an Pháirliment. Deirtear gur rugadh Liam Penn, Ridire, an "sea admiral" úd. Deirtear gur rugadh Liam Penn ann a chuir an stát úd, Pennsylavia ar bun. Deirtear go bhfuil raflaí amuig gur rugadh Penn, an Quaker úd, san gcaislean agus gur rugadh an "Admiral" Liam Penn Ridire, ann. Ó's rud e go dubarthas go bhfuil "Admiral" Penn an caisleán mar luach a shaothair, deirtear nach bhfuil ráfla fíor. Bréagnuigthear ráfla leis mar sgráobhtar gur rugadh Liam Penn i Londan 11adh Deire Fóghmhair sa bhliadhan 1644. sé sin - dhá bhliadhan deag sar a tháinig a athair an "Admiral" go dtí Mághcromtha chun cómhnuidhthe ann. Fuaras féin giota eolais ar sin. Deireann bean darab ainm Nic an Shailghigh atá 'na cómhnuidhe in Mághcromtha anois gur rugadh Liam Penn (an Quaker) i seomra, uimhir a seacht, san gcaisleán Ba chóir go mbéadh an fhírinne aice mar b'í féin, bean a' tighe sa chaisleán agus fuair sé a cuid eolais ó baintighearna Árd-Oilrain, agus gan amhras do bhéadh eolas aici súid ar chuid mhóir des na rudai tábhachtacha a bhain leis an gcaisleán féin. Pé sgéal é, níor fhan na críocha i bhfad i seilbh Penn. Fuair an Tíghearna Múscraidhe, tar éis teideal Iarla
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Síobhan Ní Mhurchadha
    Gender
    Female
    Address
    Kilnarovanagh, Co. Cork
    Informant
    Séan Ó Mhurchadha
    Gender
    Male
    Address
    Tooms, Co. Cork