School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (roll number 10047)

Location:
Macroom, Co. Cork
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 025

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 025

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
  2. XML Page 025
  3. XML “Caisleán Mhaigh Chromtha - ó 1650 go dtí an Lá Inniu”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mar díoghaltas ar a chródhacht.
    Cuireann Dochtúir Ó Madáin síos ar teacht saighdiúirí Chromuaill go Mághchromtha agus ar an duine calma úd Baedán Mac Aodhagáin, Easbog Ruis. Sgríobh Dochtúir Ó Madáin an leabhar san "Lives and Times of the United Irish men" agus sgríobh sé dán ar "Cath Mhághcromtha."
    Deirtear gur bhailigh an Tighearna de Roiste le cabhair an Easbuig cuid mhór de saighdiúrí a bhí gan smacht. Deirtear leis gur órduigh an Tighearna Ormhumhan é agus scríobhtar gur éaluigh an Tighearna de Róiste agus furmhór a shaighdiúrí tar éis an chatha ó'n áit tré's na coillte agus portacha. Do troideadh an cath seo 10adh Iúl 1650.
    Níorbh' é sin deire staire an chaisleáin. Tháinig Ireton féin san bhliain céadna nó i dtosach na bliadhna 1651 ar thóir an Thighearna Múscraighe agus a shaighdiúirí. Chuaidh sé 'na ndiaidh go dtí Conndae Chairruidhe agus nuair a bhí sé ag gabháíl thar Mághchromtha, do dhein sé an baile agus an caisleán do dhóghadh airís.
    Taréis fillte an Ríogh Seárlas, fuair Clanna Chárthaigh an áit ar ais airís. Do bhí an caisleán go léir dóighte taréis cogaidh na bliadhna 1641 agus do bhí ortha an áit do dheisiú. Dhein Iarlaí Chlainne Chárthaigh an Caisleán do dheisiú agus do leathnughadh: Do b'é an ceathramha Iarla a dhein an obair sin. I rith an cogaidh idir Rí Liam agus Rí Seamuis, bhí an caisleán ag arm Liam uair amháín agus uair amháin ag arm Shéamuis.
    Sa bhlian 1691, do dhein arm Shéamuis - an t-arm Éireannach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    2. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Ríordáin
    Gender
    Female
    Address
    Seanbhaile Sheáin, Co. Cork
    Informant
    Micheál Ó Murchadha
    Gender
    Male
    Address
    Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork