School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (roll number 10047)
- Location:
- Macroom, Co. Cork
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Paidir a bhíodh ag na sean-Ghaedhil
Ó, a Íosa Críost, a Chroidhe na truaighmhéíle,
Féach anuas orainn led' shúilibh ró-Naomhtha;
Tré throadh Do Pháise, déin á gcás do réidhteach,
A Mhic na banaltra do cheannuigh go daor sinn
Ar chrann na croise, is do chuid Fola dh 'á taoscadh,
Beir leat m'anam agus déin é shaoradh.
* * * * *
Sean-Phaidreacha eile
1) A Mhaighdean Ghlórmhar, a Mháthair Dé, a bhean ós cionn gacha céime, atá ionmholta i ngach dá mhéid, déan eadarghuidhe ar mo shon-sa chum do Mhic ghrádhaigh féin. A bhean onórach, is tusa máthair rí na n-aingeal agus na n-archaingeal, furtaigh orm agus saor mé ó gach cruadh-chás agus olc.
2) Dia do bheatha a Mhuire, atá lán do na grásaibh, aá an Tighearna maille riot; Dia do bheatha, a Mhaighdean mhilis, a naomh-mháthair Dé, a rioghan shár-mhaith fhlaitheamnais; Dia do bheatha a reult léar-shoillseach a róis ró-chumhra ró-thaitneamhnach, a bhaintighearna beannaighthe, déán truaighe dhamh-sa, an ró-bhocthán díbeartha so. Amen
3) A mháthair na trócaire, cuirim ar choimirce do láimhe bheannaighthe féin, mo dhul amach, mo theacht isteach, mo luighe, m'éirighe, glaca mo lámh, labhairt mo bhéil, éisdeacht mo cluas, ionnus go daithneóchaidís led Mach ghrádhach féin. Amen.(continues on next page)