Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)
- Suíomh:
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Paidir a bhíodh ag na sean-Ghaedhil
Ó, a Íosa Críost, a Chroidhe na truaighmhéíle,
Féach anuas orainn led' shúilibh ró-Naomhtha;
Tré throadh Do Pháise, déin á gcás do réidhteach,
A Mhic na banaltra do cheannuigh go daor sinn
Ar chrann na croise, is do chuid Fola dh 'á taoscadh,
Beir leat m'anam agus déin é shaoradh.
* * * * *
Sean-Phaidreacha eile
1) A Mhaighdean Ghlórmhar, a Mháthair Dé, a bhean ós cionn gacha céime, atá ionmholta i ngach dá mhéid, déan eadarghuidhe ar mo shon-sa chum do Mhic ghrádhaigh féin. A bhean onórach, is tusa máthair rí na n-aingeal agus na n-archaingeal, furtaigh orm agus saor mé ó gach cruadh-chás agus olc.
2) Dia do bheatha a Mhuire, atá lán do na grásaibh, aá an Tighearna maille riot; Dia do bheatha, a Mhaighdean mhilis, a naomh-mháthair Dé, a rioghan shár-mhaith fhlaitheamnais; Dia do bheatha a reult léar-shoillseach a róis ró-chumhra ró-thaitneamhnach, a bhaintighearna beannaighthe, déán truaighe dhamh-sa, an ró-bhocthán díbeartha so. Amen
3) A mháthair na trócaire, cuirim ar choimirce do láimhe bheannaighthe féin, mo dhul amach, mo theacht isteach, mo luighe, m'éirighe, glaca mo lámh, labhairt mo bhéil, éisdeacht mo cluas, ionnus go daithneóchaidís led Mach ghrádhach féin. Amen.(leanann ar an chéad leathanach eile)