School: Barrlinn
- Location:
- Inchinarihen, Co. Cork
- Teacher: Máire Ní Chruadhlaoich
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Barrlinn
- XML Page 009
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tá cnoc inaice le Béal-an-Dá-Cab i ndeisceart Corcaighe agus céad blian ó shoin nó mar sin, do chómhnuig fear bocht i mbotháinín inaice carraige ar thaobh an chnuic.”
Tá cnoc inaice le Béal-an-Dá-Cab i ndeisceart Corcaighe agus céad blian ó shoin nó mar sin, do chómhnuig fear bocht i mbotháinín inaice carraige ar thaobh an chnuic. Chuireadh sé paiste prátaí gach blian agus iad san agus bainne gabhar agus salann a bhíodh mar bhiadh aige. Bhí a lán gabhar aige ar an gcnoc agus sé an leas anim a bhí air sa cheanntar ná "Tighearna Mt. Kid." Bhí aon mac amháin aige agus tugtaí mar leas-ainm air sin "Mac an Tighearna" nó "An Tighearna Óg".
Nuair a bhí an mac fásta suas chuaidh sé anonn go h-America, agus lean an leas-ainm air thall leis. Buachaill breagh, dathamhail ciallmhar a b'eadh é, agus i gcionn tamaill bhí sé ag eirighe saidhbhir. Thuit sé ingrádh le h-ingean duine uasail a bhí ana shaidhbhir ar fad Ba cuma leis an duine uasal cé leis go mbeadh a inghean pósta acht go mbeadh an cliamhan uasal agus ag baint le daoine móra.
D'innis an cailín dá h-athair go raibh sí chun "Mac an Tigearna" do phósadh. Dubhairt an t-áthair, go gcaithfeadh an fear óg cruthughadh do thabhairt, go raibh sé ag innsint na firinne i dtaobh a athair do bheith 'na tíghearna thall in(continues on next page)- Informant
- Séamus Mac Coitir
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Saor cloiche
- Address
- Derrynafinchin, Co. Cork