School: Barrlinn
- Location:
- Inchinarihen, Co. Cork
- Teacher: Máire Ní Chruadhlaoich
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Barrlinn
- XML Page 029
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Tímcheall céad blian ó shoin chómhnuigh fear de mhuinntir Choitir i gCappac na luathadh in aice le Beanntraighe.”
(continued from previous page)mbord. Crothadh an fear san leabaidh. Leig sé air go raibh codladh trom air. Ba dheacair é mhúsgailt agus gac "Oc Oc" aige. Fé dheire d'osgail sé a shúile. Dubhairt sé ná raibh ocras air, acht chuireadh iacaibh air teacht go dtí an bórd Dubhairt sé go raibh sé cómh h-ocrac san nuair tháinig sé isteach gur ith sé béile an-mhór agus fonn codhladh ba mhó a bhí air anois.Chuaird sé thar n-ais go dtí an leabaid. Glanadh an bord agus cuireadh gach doras fé glas agus chuaid muintir an tighe chun a leapthacha.
Ar maidin amáireadh fuair sé a bhreicfeasta Thug sé a buidheacas do muintear an tighe. agus chuaidh sé ar a bhóthair. Chuaidh fear acu in aonfacht leis míle nó mar sin, nó go seas amuigh air an mbóthair. go Neidín. agus annsann sgaradar ó chéile.
I gcionn uaire an chluig nó mar sin d'airig Mac Coitir sodar capaill in a dhiaidh. Tháinig an capall suas leis agus stad. Eac breagh a bhí ann agus duine uasal ag marcaigheacht air - chulaith breagh eadaig air, uaireadóir agus slabhra óir srl aige. Dfhiafruigh an marcac de. cerbh é agus cár chaith sé oidhche aréir. Dinnis an fear eile an fhírinne dho - mar ar chuaidh sé ar strae, agus go bhfuair sé lóistín i dtigh.(continues on next page)- Informant
- Séamus Mac Coitir
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Saor cloiche
- Address
- Derrynafinchin, Co. Cork