School: Barrlinn
- Location:
- Inchinarihen, Co. Cork
- Teacher: Máire Ní Chruadhlaoich
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Barrlinn
- XML Page 051
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Do chómhnuig bean bocht i mbotháinín i mBaileluachra.”
(continued from previous page)Tig duine uasal a bhí ann agus nuair chonnaic an duine uasal Seán, ar seisean leis.
"An máighistir tú ag lorg buacalla. aimsire nó buacall aimsire ag lorg máighistir?"
"Buacall ag lorg máighistir" iseadh mé arsa Seán.
"Is maith mar a thárla mar sin" arsan duine uasal. "Teastuigheann uaim aodhaire bó, agus deanfaidh tusa an gnó"
Chuaidh Seán isteach san gcistin agus tugadh a shuipéar do. Roibún a fuair sé - sin min agus bainne. D'ith sé a raibh ann de, agus do líob sé an mhias
Ar maidin amáireach sé an biadh céadna a fuair sé i gcóir an bhreicféasta. D'alp Seán suas é agus do líob sé an mhias.
Chuaidh Seán i bhfeidhil na mbó. Ar an dtaoib eile den teorann do chómhnuig áthaig.
Bhí falla idir an dá feirm. Sé an príomh gnó a bheadh ag Seán ná, ba an duine uasal do choimeád amac ó pháircibh na 'n-áthach. "Mar" arsan duine uasal "aon bhó a théigheann isteach sna páirceannaibh sin ní fhillean sí. Chaillfí do bhó agus chaillfeá do bheatha da mba rud é gur imthigís na diaidh ós cionn an fhalla."
"Tá go maith a mháighistir" arsa Sean "tógfad(continues on next page)- Informant
- Seámus Mac Coitir
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Saor cloiche
- Address
- Derrynafinchin, Co. Cork