School: Barrlinn

Location:
Inchinarihen, Co. Cork
Teacher:
Máire Ní Chruadhlaoich
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 072

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 072

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Barrlinn
  2. XML Page 072
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Do chómhnuig bean bocht i mbotháinín i mBaileluachra.

    (continued from previous page)
    (leanta ó lthnc 58)
    Nuair a bhíomar ag dul fé dhéin an loca casadh orainn duine uasal ar chapall bhreágh agus é clúdaighthe ó bhun go bárr le fuil. Eisean a mharbhuig an phiast mhillteach is dócha. Acht ní fheadar an domhan cionnas a geobhadh amach cérbhé, cun go dtabharfainn mo [?]búidheachas dó."
    "Nách cuma cé dhein an maitheas" arsa S. "cómh fada agus tá an maitheas déanta"
    Cuaidh S. i mbun a gnótha gac lá mar an gcéadna agus bhí an duine uasal ana fhiosrach mar geall ar bás na péiste Do labhair an cailín aimsire leis lá. "A Mháighistir" ar sise "sé mo thuairim nár mharbh éinne an phiast sin acht Seán seo 'gainne. Tá ana neart ann. Theastuig uaidh slat cúpla lá ó shoin. Rug sé greim ar crann óg agus strac sé ón dtalamh é, mar stracfadh duine eile
    "Arú níor b'eadh" arsan mháighistir, "cionnas fhéadfadh é do dhéanamh. Acht ag trácht ar Sheán, caithfidh mé dul ag féucaint ar na buaibh. Tá sé ag tabhairt ana aire dóibh." Chuaidh sé amach, acht tuaisisg ar a chuid bhó ní bhfuair sé in aon áit. Annsan chonnaich sé an pholl sa bhfalla, agus ansan ós cómhair a shúl, a chuid bó i bhfeirm na n-áthach, agus féir go glúnaibh acu, agus dréir [?]dealramh na páirce ní indiú a chuaidh siad isteach ann. Isteach leis agus i dtreo na tighe móire. Chonnaich sé Seán ag sguabadh na gcapall. D'innseadh dó annsan an sgeál go léir i dtaobh na n-áthach srl. "Caithfidh tú m'inghean a phósadh anois ar seisean agus tabharfad gac a bhfuil agam dibh"
    "Beidh mo dhóthain agam féin" arsa Seán agus thaisbeán sé do
    (féuch lthnach 80)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Language
    Irish
    Informant
    Seámus Mac Coitir
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Saor cloiche
    Address
    Derrynafinchin, Co. Cork