School: Barrlinn
- Location:
- Inchinarihen, Co. Cork
- Teacher: Máire Ní Chruadhlaoich
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair do tháinig Wolfe Tone isteach i gCuan Bheanntraighe i 1798, bhí tighearna talmhan i mBeanntraighe dar-b'ainm Mr. White. Dairigh sé an sgéal i dtaobh Wolfe Tone. Chuaidh sé láithreach go dtí cúl sráideanna Bheanntraighe agus dubhairt sé le daoine bochta ann, dul go dtí Árd na mBráthar ós cionn an chuain, gléasta i bhflainín dearg ag leigint ortha gur saighdiúirí Sasanach iad.
Ní fheacha Wolfe Tone iad in aon chor. Annsan chuaidh Mr. White go Corcaig ar chapall bán agus d'innis sé a sgéal go dtí an Riaghaltas i dtaobh Wolfe Tone. Do chreid an riaghaltas a sgéal agus fuar sé an teideal "Tighearna Bheanntraighe" dá bhárr.
Mar cuimhneachán ar an sgéal go léir, do chuireadh suas trí gunnaí móra bréige ós cionn an chuain, agus in aice a thighe. Tá siad ann le feiscint fós.
Do chaill Wolfe Tone bád beag ins an stoirm agus tá an bád sin ann fós leis.- Collector
- Cristíní Ní Luasaigh
- Gender
- Female