School: Gort Uí Chluana, Beanntraí
- Location:
- Gortacloona, Co. Cork
- Teacher: Seán 7 Tadhg Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Uí Chluana, Beanntraí
- XML Page 020
- XML “Cleas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An cleas a leanas: Bhíodh sé ag na páistí sa ceanntair seo bliadhanta ó shoin:-
Thógadh ceann acu cipín, agus chuireadh sé cheann de sa teine. Nuair a bheadh sé dearg, thógadh sé amac é agus shíneadh sé do'n té ba ghiorra dó é, agus deireadh sé.Seo mo birín dhuit birín beo - birín marbh.
Má geibheann mo birín bás idir do dhá láimh,
Bíodh an trom trom ort,
Sicin circe ag siubhal na muinge
Cos léi briste, is beart uirthi.Tógadh an duine ina aice uaidh annsan é agus thugadh sé do dhuine eile é ag rádh an rainn, ráidte thuas. Dá mhúcfadh an birín i láimh duine cuirfí rud éigin anuas ar a dhrom, mar píosa iarainn, píosa móna nó stóilín, agus bíodh an rainn san ar siubhal le gach duine san am ceudnaIs trom é, is trom é
'S cad tá anuas ort?Bheadh sé ag deanamh iarachtaí d'fhághail amach cad a bheadh ar a dhrom agus fágfaí annsan go mbeadh an freagra ceart aige.- Collector
- Paidrigín Ní Laoghaire
- Gender
- Female
- Address
- Maulinward, Co. Cork