School: Cill na dTor, Dún Mánmhaí (roll number 16254)
- Location:
- Kilnadur, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oidhche Geimhridh i ndeire Mí na Samhna iseadh a fuair Tadhg Dubh - duine de'm chomairsanaibh bás. Bhí sé fuar is fluach is bhí sé ana dhorcha ar fad. Bhí cúpla fear is cupla ban ar a nglúnaibh agus iad ag guidhe i seomra an bháis. Le linn agus é ag tarrach a anál déirneach d'airig na daoine a bhí ins an seomra fothram uaigneach, uathbhásach mar a bheadh duine éigin ag gol agus fothram mar a beadh a lán capall ag gabhail timcheall an tighe.
Ní raibh corr ins an séomra agus bhí na fir is na mná ag féuchaint ar a céile agus sgannradh an domhain ortha. Sa deire d'eirig seana Brighid. Dein sí fíor na croise uirthí féin agus anonn léi go dtí an fhuinneóg. D'feach sí amach agus annsan bhagair sí ar a comraidí is cuadar anonn. Bhí solus ag gluaiseacht timcheall an mhacha agus stad sé ag doras tighe na gcapall. Taréis tamaill chonnacadar(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Ardcahan, Co. Cork