School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)
- Location:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Dísbirt na Saoire 'sa Domhnaig ghil,
Bhúr ndíbirt as a gcill seo, go fonn liom dul
Tá míle corp ciardubh i dteampull Ruis
Is bidhidh bhúr n-ír ionnta go Samhain na Subh"agus do ghluaiseadar leo síos go dtí Bréan Tráigh, agus soir agus treasna an droichead adhmaid bhí treasna cuan na Léime an uair sin. Isteac leo go Cuan Dor, agusamach airís soir a bhóthar 'dtí an Ruarach (?) agus níor dheineadar siad ná staonadh gur shroiseadar Teampall na Sasanach i Ros Ó Cairbre, agus d'fanadar annsan agus táid ann ó soin. Tá scéal mar gheall ar aon bhfranncach mór amháín, bhí chomh mór le madra, agus bhí sé chomh seanda san go raibh radharc na súl caillte aige. Ní raibh sé ábalta an bóthar d'feiscint ach fuar sé cabhair ó bheirt compánach leis. Fuaireadar súid cipín beag sa díog agus chuireadar isteach 'na mbéalaibh é, ceann díobh ar gach taobh de, annsan do tháinig an franncach mór 'na lár agus chuir sé an dó lapa tosaigh in áirde ar a gcipín agus sa tslighe sin tugadh an tslighe go léir é isteach go teampall Ruis- Collector
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Kilmacabea, Co. Cork