Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)

Suíomh:
Cill Macaibí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 165

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 165

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Leathanach 165
  3. XML “Seán Máistir is na Francaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Dísbirt na Saoire 'sa Domhnaig ghil,
    Bhúr ndíbirt as a gcill seo, go fonn liom dul
    Tá míle corp ciardubh i dteampull Ruis
    Is bidhidh bhúr n-ír ionnta go Samhain na Subh"
    agus do ghluaiseadar leo síos go dtí Bréan Tráigh, agus soir agus treasna an droichead adhmaid bhí treasna cuan na Léime an uair sin. Isteac leo go Cuan Dor, agusamach airís soir a bhóthar 'dtí an Ruarach (?) agus níor dheineadar siad ná staonadh gur shroiseadar Teampall na Sasanach i Ros Ó Cairbre, agus d'fanadar annsan agus táid ann ó soin. Tá scéal mar gheall ar aon bhfranncach mór amháín, bhí chomh mór le madra, agus bhí sé chomh seanda san go raibh radharc na súl caillte aige. Ní raibh sé ábalta an bóthar d'feiscint ach fuar sé cabhair ó bheirt compánach leis. Fuaireadar súid cipín beag sa díog agus chuireadar isteach 'na mbéalaibh é, ceann díobh ar gach taobh de, annsan do tháinig an franncach mór 'na lár agus chuir sé an dó lapa tosaigh in áirde ar a gcipín agus sa tslighe sin tugadh an tslighe go léir é isteach go teampall Ruis
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cill Macaibí, Co. Chorcaí