School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)
- Location:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mhic Abaidh, An Léim
- XML Page 174
- XML “Na Stácaí”
- XML “Na Trí Pharóistí atá Timpeall Cuan Dor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar an dtír go leór díobh, agus thóg na daoine ar na trághannaibh iad, agus d'ólas feín cuid den stuif a bhí ionnta agus 'sé bhí go láidir. Tháinig an tobac 'san adhmad leis ar a dtír. Bhíodh na daoine ag faire ar failleacha agus ar trághannaibh ar an raic ag teacht isteach cucha.
- Fuaireas an Seancas ar leanas ó bhéal aithris Sheáin Mhic Chártaig Acadh Tobar, An Léim.Tá paróiste Midh Rois ar an dtaobh thiar, paróiste Cill Fachtna Beag ar an dtaobh thoir agus paróiste Cill Mhic Abaidh ar an dtaobh tuaidh. Bhí triúr ban uair agus bhíodar ag trácht ar na paróistí lá ar amach na Léime, gach bean díobh ag moladh a paróiste feín.Do labhair an bhean thuaidh agus dubhairt sí "Cill Mhic Abaidh na gCros
A chothuigheann an fiadh 'san bhroc"Do labhair bean ón bparóiste shoir agus dubhairt sí"Cuan Dor (?) na Sprot
Mar a dheineann an Daighne cor
'S a marbuightear an scadán an colamóir 's an triosg"(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Mac Cárthaigh
- Gender
- Male
- Address
- Aghatubrid More, Co. Cork