School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)
- Location:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tháinig an fear siubhail chomh fada leis an ndoras agus shát a cheann isteach, nuair na feaca sé ach bean a' tighe istig d'fhiafruig sé di cá raibh a fear, dubhairt sí leis go raibh sé imithe chun na ceardchan. Bhí fios ag an mbacach ná raibh aon fáilte roimhe agus ós rud é go raibh an tráthnóna chomh brothallach san dubhairt sé go n-iarrfadh sé deoch uirthi agus d'iarr.
D'fhéach bean a' tighe air ar feadh tamaill, agus do stad sí ag cuimhneamh, annsan d'imthig sí sios sa t-seómra agus fuair sí báisín agus do líon sí le sciodaram bainnne é, agus bhí na cluig ag eirighe as fé mar a bhíonn sa linn lá báistighe nuair a shin sí chuige é.
Ní ólfadh sé, bhí sé chomh géar, nimhneach, ach bhí sé spalpaithe leis a' dtart agus do bhain sé triall as, ach is fíor beagán de a ól sé in aon chor.Annsan do cuir sé an báisín ar aon bhais amháin agus do shín amach uaidh é, agus d'fhéach ar an sciodaram agus dubhart.
" A bhainne na gclog, is olc an biadh thú,
Ní dhéanfá deoch d'fhear an fhiabhrais
Tá fhios agam ar do chló go raibh an clúmh liath ort,
Agus le sainnt chun an ime do deineadh a diabhal ort."- Collector
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Kilmacabea, Co. Cork