Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)

Suíomh:
Cill Macaibí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 177

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 177

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Leathanach 177
  3. XML “Bainne na gClog”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tháinig an fear siubhail chomh fada leis an ndoras agus shát a cheann isteach, nuair na feaca sé ach bean a' tighe istig d'fhiafruig sé di cá raibh a fear, dubhairt sí leis go raibh sé imithe chun na ceardchan. Bhí fios ag an mbacach ná raibh aon fáilte roimhe agus ós rud é go raibh an tráthnóna chomh brothallach san dubhairt sé go n-iarrfadh sé deoch uirthi agus d'iarr.
    D'fhéach bean a' tighe air ar feadh tamaill, agus do stad sí ag cuimhneamh, annsan d'imthig sí sios sa t-seómra agus fuair sí báisín agus do líon sí le sciodaram bainnne é, agus bhí na cluig ag eirighe as fé mar a bhíonn sa linn lá báistighe nuair a shin sí chuige é.
    Ní ólfadh sé, bhí sé chomh géar, nimhneach, ach bhí sé spalpaithe leis a' dtart agus do bhain sé triall as, ach is fíor beagán de a ól sé in aon chor.Annsan do cuir sé an báisín ar aon bhais amháin agus do shín amach uaidh é, agus d'fhéach ar an sciodaram agus dubhart.
    " A bhainne na gclog, is olc an biadh thú,
    Ní dhéanfá deoch d'fhear an fhiabhrais
    Tá fhios agam ar do chló go raibh an clúmh liath ort,
    Agus le sainnt chun an ime do deineadh a diabhal ort."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    Seán Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cill Macaibí, Co. Chorcaí