School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)
- Location:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Well bhí fiachach ann, 's docha gur fadó shoin a b'eadh é. Uaisle a bhí ann san am san ag fiadhach ar fad, capaill is gadhair acu. Do dhúisigheadh girrfaidh agus leanadar air gur thugadar a' lá air á fiadhach, agus nuair bhíodar leath-buailte amach aige, tháínig ceann des na gadhair suas leis agus nuair a rug sé air, nior mhairbh é ach do scaoil arís é. Bhí a' fiadhaidhe ag féáchaint ar an ngadhar ag breith air agus bhí iongadh air connus nár mhairbh sé é. Tréis do'n gadhar a scaoileadh, cad a dhein an girrfiadh ach déanamh isteach ar seana cabhlach tighe. Do leím a' fiadhaidhe anuas dá capall agus isteach leis 'na dhiaidh, agus nuair a chuaidh sé isteach connaic sé an t-seana bheanín sa cuinne thuas agus saothar uirthi. Do dhein sé suas uirthi agus do chonnaic sé an greim bainte amach ag an ngadhar dhá cois. Ní hé sin an chéad uair a chuala go mbíodh seana bhean i riocht girrfiadh. Is minic a cidhtí girrfhiadh leis na buaibh agus bhíodh a gcuid bainne a cailliúint acu 'na dhaidh sin. 'S amhlaidh gur seana-chailleach malluighthe éigin fé'n riocht san, chun go bhféadfadh sí an bainne a ghoid. Sean scéul is eadh é nach mbíonn aon rath ag an té a chífeadh girrfhiadh lá Bealtaine.Tá scéul ann, bhéarsa atá ann, ach níl sé ar(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Partalán Ó Duibhir
- Gender
- Male
- Age
- 77
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Kilmacabea, Co. Cork