School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)
- Location:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
![The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 202](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0309%2FCBES_0309_202.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 202
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fad agam, mar gheall air an mhnaoi seo a chuaidh amach tré na bánta an lá Bealtaine áirithe se agus agus dubhairt sí go raibh fhios aici nuair a chonnaic sí mar a bheadh:-"Tóin girrfiadh ar drúcht
Ná rithfeadh a bhlian seo liom"Ag cainnt mar gheall ar a' bhfiadhach, is mó lá a lenas cúrsa na bhfiadhaidhthe nuair a bhíodh siad, na h-uaisle ó Bhaile a' Caisleáin ag fiadhach fadó soin. Siad san na fiadhaidhthe go raibh Domhnall Ó Seachnasaig ag trácht thársa san amhrán sin "Bláth na Gréine"
" 'S is aoibhinn aerach guth gadhar cois trágha" adubhairt sé.Pé scéul é is cuimhin liom aon fhiadhach amháin ná bhfuil pioc dá thuairisc dearmadtha agam go fóill. San dúthaig shoir, i gCathair Mór in aice Ros ó Cairbre a chuireadh a' madra ruadh amach. Siar leis ó dheas tríd an ndútthaig go dtáínig sé díreach lastuaidh de Ros ó Chairbre; siar leis annsan gur shrois sé an Chonanaig agus siar ó dheas fan bruach na coille leis. Bhíos féín ag seasamh amuigh annsan ar Carraig an Éisteacht (?) nuair a bhí sé thall ag an gcoill, treasna na Cluainte leis, agus lastiar de Bhealach-a-Ló. Do tháinig sé treasna a' bhóthair agus thar a' gclaidhe isteach san mbaile seo, Cill Mhic Abaidh. Siar ó thuaidh im' treo-sa a tháinig sé agus do ghaibh sé tharam in giorracht cúig slait díóm. Bhí an fiadhaidhe cúig nó sé de pháirceannaibh 'na dhiaidh agus(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Partalán Ó Duibhir
- Gender
- Male
- Age
- 77
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Kilmacabea, Co. Cork