School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)
- Location:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí mór sheisear spealadóirí ag feirméar, agus bhí a mhac ar ceann acu, agus bhí mac an fheirméara na dtosach ag gearradh agus gach aon ceann de'n seisear fear 'na dhiaidh, agus iad ag cur díobh ar a ndícheall, agus thar a ndícheall ag iarraidh coinneál suas leis. Bhí an seana feirméar, Sasannach a b'eadh é, bhí sé na sheasamh ag geata na páirce a' féachaint ar na fir a' gearradh nuair a ghabh fear siubhail a soir a' bhóthar agus do chuaidh sé chuige agus dubhairt sé, - bhí sé ag féachaint ar an obair bhí ar siubhal - agus dubhairt sé leis an bhfeirméar nár ceart don mhac bheith ag cur de chómh tréan san, go marbhóchadh sé na fir. "Sin é an buachaill" adubhairt an seana-fheirméar; "cuirfidh sé sin iachaint ortha an págh do thuilleamh." Fear breágh deagh-chumtha b'eadh an fear siubhal, é chómh sgafánta aon lá lé mach an fheirméara Phreab sé isteach sa pháirc agus d'fiafruigh sé de'n bhfear deirioneach bhí ag gearradh, an speal a thabhairt do, agus dubhairt sé go dtabharfadh agus fáilte. do thóg sé an speal, agus do ghaibh sé ar a chuma féin é, mar dubhairt sé ná raibh sé in órdú ag an bhfear eile, chun féar a ghearrad in ao-chor agus bé an fear deidhennach de'n mhóir-sheisear fear annsan é, nuair a thosnuig sé.
Bhí sé ag gearradh go tréan agus d'réir mar a thagadh sé suas leis a bhfear thuiteadh a' fear amach agais do leigeadh sé fe'n a bheart féin é. Do lean sé ar an gcuma(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Partolán Ó Duibhir
- Gender
- Male
- Age
- 77
- Address
- Kilmacabea, Co. Cork