Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)

Suíomh:
Kilmacabea, Co. Cork
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 219

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 219

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Leathanach 219
  3. XML “Dia agus Mise Chuige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    san i gcómhnuí agus is gearr gur tháinig i ngiorracht fear do. Well do thuit an fear sin amach, nuair a tháinig sé i n giorra do agus do scaoil sé indiaidh mac an fheirméara annsa é. Nuair a chonnaic mac an fheirméara 'na dhiaidh é sé dubhairt sé, "Sinn-ne go léir chuige"
    adubhairt sé "O" adubhairt a' fear siubhal "Dia agus mise chuige" ar sé. D'fhág mac an fheirméara an sraith ar fad, agus amach leis, agus dubhart a' fear siubhal nuair a chonnaic sé ag imteacht é. "Ca' na thaobh adubhairt sé "Nach bhfuilir ag gearradh leat"! "Ó", "ní fheadfainn" adubhairt sé "ní fheadfainn seasamh romhat". "Nach maith, adubhairt sé, "do seasuighis roimis na fir bochta chun iad a mhairbhighthe, mar gheall ar cúpla scilling págh bhí agat á thabhairt dóibh". Thug sé an speal do'n fhear thug do ar dtúis é, agus ní raibh aon fear sa pháirc, ach mach an feirméara, nár thug fáilte i ngachaon chuma do. M'anam nár chuir mac an fheirméara phuinn alluis ortha as san go dtí an oidhche. Do leag a' fear siubhal a c'rráiste, agus ní raibh a [?] ceadha air ó'n lá san amach.
    Seán Ó Mathúna, beannacht Dé leis, d'innis san dom tá 40 blian ó shoin ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Partolán Ó Duibhir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    77
    Seoladh
    Kilmacabea, Co. Cork