School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)
- Location:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
![The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 256](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0309%2FCBES_0309_256.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 256
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Séamus de Bharra, Máighistir Scoile - go ndeine Dia tróaire air, bhí sé oíche ag dul abhaile, agus bhí sé déanach go maith, díreach agus é ag gabháíl thar Lisín na n-Arm. Tháinig an bhean amach as an lios chuige, agus thug a h-aghaidh air.D'féach sé uirthi agus má fhéách ní fheaca sé riamh aon bhean chómh grándha léi. Bhí a gnúis dorcha dubh grioma, béal mór ar leathadh aici agus gut h-aon fhiacal dá raibh na dranndal-uachtarach ag dul síos de dhruim a smigín. Tháinig scannradh agus crith-eagla ar Shéamuis agus d'iarr sé cabhair agus trócaire ar Dhia ag gearradh fíóghar na croise air féin agus é ag déanamh ar an dtig agus na cosa ag lúbadh fé agus é ag séideadh fuar alluis amach thríd agus an sprid fuar le na shálaibh. Do lean an sprid é dti an doras ach ní deaghaidh sí níos sia air.Do dhún Séamus an doras uirthe agus d'fhág lamuigh í agus thug sé an leabaidh air féin agus ar maidin amáireach sé an chéad rud a dhein sé ná sgéul a innsint do mhac na mná mar d'aithin sé an sprid go maith. Cómharsa mná leis a bhí tamall tréís bháis do bheadh í agus dubhart Séamus le na mac go(continues on next page)
- Informant
- Pádraig Ó Connaill
- Gender
- Male
- Address
- Myross, Co. Cork