Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)doras an aeir, dóchas na gcríostuighdhe, fuarán an chráidh, díon-ghárda na Síothchána, Glóíre na Maighdean onórtha, os cionn an uile aingeal, Máthair na Míorúileach, na Maighdean os cionn Maighdean, liag na Tríonóíde Ro Naomhtha, Scéimeamhail os cionn an uile chréatúra.
Ó a Bhaintíghearna na Ceannsachta, duibheagán an Chiúnais compórd na ndúbh-bhrónach. Cómh sholás lucht an bhuaidhrimh, is ionnat do lúthgáirid na h-aingil,
Ó a bhaintrighearna mhilis na trócaire iompuig do shúile trócaireacha chughainn. Soillsig sin le grásta agus éíst m'úrnaighthe faoi thearman dé uile chómhachtaig agus do lámha bheannuighthe tiomanaim mo corp agus m'anam bhíodh mar sin. Amen!
NótaBhí ana mheas ag na sean daoine ar an Sciath-lúireach agus bhí ana mhuinighin acu aiste, mar deiridís féin agus chreideadar na faghadh éinne bás obann dá mbeadh an Sciath-lúireach ar iompar acu agus í ráh gach aon lá ar a ndá-ghlúin agus ná beadh baoghal báthadh ná teine ortha. Bhí an paidir séo leis, ag na bacaig- Faisnéiseoir
- Domhnall de Brún
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- Leap, Co. Cork