School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)
- Location:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)préacáin ag neadú ortha aimsear gadhtorach a bhí ar na preácáin bochta. Do bhiodar i bhfeidhil gearrcaig agus ag breith biad chucha ó gach áit agus nuair a chonnacadar an t-eorna tánadar anuas as na crannaibh agus piocadar é agus tugadar dos na gearrcaig é. Do cuir an bladh seo deireadh leis na gearrcaig. Mhairb an biotáille iad agus do chuir sé na préacháin ar meisce go dtuiteadar anuas de's na crannaibh agus do bhí a dhá sciathan sínte amach ag gach ceann aca mar a bheadh siad marbh. Tháinig an taoiseach agus rug sé ar deich gcinn 's dachad acu, agus cur sé isteach idtig iad marb ar meisce. Do bhí taoiseach eile 'na chomhnuí in aice Ruis san am ceadna agus bhí crainn breáh ag fás in aice a thighe agus ní raibh aon préachán ag neadú ortha agus cheap sé da raghadh sé ag triall ar thaoiseach, Bláth na Gréíne go bhfaghadh sé na préacháin na coill féin mar tá sé ráidhte gur ráthúil préacháin a bheith na gcomhnuí le tais tighe mhóir. Tháinig sé go Bláth na Gréine agus d'iarr sé na préacháin ar an taoiseach. "Geobhair iad arsa an taoiseach ach finneáil agus an costas díol thar a gceann." "Agus bhfuil finneáil ortha arsa Taoiseach Ruis. "Tá arsa taoiseach Bláth na Gréíne "Pingin(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó Cárthaigh
- Gender
- Male
- Address
- Aghatubrid More, Co. Cork