School: Cill Bhriotáin (C.) (roll number 11728)

Location:
Kilbrittain, Co. Cork
Teacher:
Cáit de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0313, Page 327

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0313, Page 327

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Bhriotáin (C.)
  2. XML Page 327
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an sgeul sin dóibh agus ar sise "d'fhéadfhainn-se leigheas do thabhairt díbh dá n-iarrfá orm é." Ach níor iarradar an leigheas uirthi.
    Tig Muinntir Quinlan, an chéad áít eile abhair (?) sí amach. Bhí an ghrian ag ísliú siar sa spéir fé'n am seo. Deineadh cupán tae di agus fhaid is bhí sí 'á dheunamh ar sise leis an mnaoi, "Dhein tú rud Oidhche Sathairn nár cheart duit a deánamh." Do nighe tú léine le fear a' tighe agus do chuir tú amach ar an sgeach é ós comhair an dorais má (?) tú é nior dhuit é do chur. Ná déan a leithéid airís." Bhí iongnadh ar an mnaoí mar bhí fhios aici nách bhféadfadh le h-éinne a fhios sin a bheith aca.
    Nuair do bhí an tae ullamh do phreab an bhean 'na seasamh. "Ní fhéádfaim fanacht," ar sise," "caithfidh mé brostú." "Cé'n deabhadh atá ort" ar sa'n bhean eile léi, "Ó, a laog, laogh, cionnus a raghad go dtí an falla ag Cill a Mhairidh, nó bhfuil aon capall ag éinne annseo," ar sise. "Níl," arsa Bean Uí Cuinnleáin, "Muna bhfaghfa ceann o muinntir Uí Dhuinnín."
    Ní bhfuair sí an capall annsan: acht bhí Ó Deasmhúna ina chomhnuidhe i gCill Sinithan agus do bhíodh capall aige sin a thabharfadh sé amach ar son airgead do dhaoine. Do ghleás sé ceann acu fé thrucail agus chuir sé a beirt mhac in éinfeacht leis an mnaoi.
    Thiománadar leo go dtángadar go bun chnuic mhóir inaice le Cilla Mhairidh. Do bhí clóca liath bréide
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish