School: Cill Bhriotáin (C.) (roll number 11728)

Location:
Kilbrittain, Co. Cork
Teacher:
Cáit de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0313, Page 333

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0313, Page 333

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Bhriotáin (C.)
  2. XML Page 333
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó, agus thagadh sí gach maidin go dtí tigh comhairsain ag déanamh ime. Ní raibh aon clog aici, ní bhíodh aon fhios aici cad é an t-am é. Maidin amháin bhí an ré ins an spéir, agus bhí sé geal, agus cheap sí go raibh an maidin aici. Thóg sí crúiscín uisge léi, chun an im do níghe. Nuair a bhí sí ag dul, chonnaic sí fear. D'iarr sé cupan uisge uirthi. Thug sí an crúiscín dho, nuair a bhí sé ag cuir an crúiscín thar nais in a laimh, chonnaic sí gur sgáth a bhí ann Nuair a tháinig sí go dtí an tigh, cad é an t-am a bhí ann ach a dhó a chlog ar maidin. Bhí aithne aici ar an bhfear a casadh uirthi, marbhuigheadh é i dtroid in aice na h-aite. D'iarr sí ar an sagart Aifreann do rádh ar son a anama.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Cruadlaoich
    Gender
    Female
    Address
    Ballymore, Co. Cork
  2. Bhí triúr buachaillí ann fadó, agus bhí siad an-spórtamhail. Oidhche amháin bhí fear óg marbh, agus chuaidh siad go dtí an tórramh. Chuaidh gach duine amach as an seomra, acht amhain an triúr. Ceap siad cleas d'imirt ar na daoine. Cheangail siad píosa córda le méir an fhir mhairbh. An lá in a dhiaidh sin bhí sluagh daoine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.